Fógra Príobháideachais
Réamhrá
1. Bailíonn Seirbhís Inimirce na hÉireann (ISD), rannóg den Roinn Dlí agus Cirt (an DoJHAM), na sonraí a sholáthraíonn tú. Is é an rialaitheoir sonraí don fhaisnéis a sholáthraíonn tú An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce agus is iad sonraí teagmhála an rialaitheora sonraí:
An Príomhoifigeach,
An Fheidhm Sheirbhíse do Chustaiméirí,
Seirbhís Inimirce na hÉireann,
An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce,
13-14 Cé an Bhúrcaigh,
Baile Átha Cliath 2, D02 XK70.
Conas a úsáidfear do shonraí pearsanta?
2. Is féidir linn na sonraí pearsanta a sholáthraíonn tú ar an suíomh gréasáin seo a úsáid ar na cuspóirí seo a leanas:
- Próiseáil, dul chun cinn, measúnú a dhéanamh ar cháilitheacht agus/nó comhfhreagras a dhéanamh leat i dtaca le haon iarrata(i)s a rinne tú ar chead(anna) inimirce, nó d’aon iarrata(i)s a rinneadh thar ceann mionaoisigh, thú a nuashonrú agus eolas a sholáthar duit ar d’iarrata(i)s, cibé acu duit féin nó thar ceann mionaoisigh;
- Do chomhfhreagras a scrúdú agus a anailísiú;
- Eolas a dheimhniú chun cabhrú le do chomhfhreagras a fhreagairt;
- Más bainteach, d’aitheantas a fhíorú;
- Más bainteach, do sheoladh a fhíorú;
- Dul i ngleic le haon ceisteanna, moltaí, saincheisteanna nó buarthaí agus do chomhfhreagras a fhreagairt, faoi mar is cuí, agus
- Féadfaimid na sonraí pearsanta a sholáthair tú agus i gcomhfhreagras gaolmhar a úsáid freisin mar chuid d’aon bhreithnithe amach anseo maidir le do stádas inimirce nó saoránachta.
2. (b). Cuntas a shocrú agus aitheantas a fhíorú:
- Le d’aitheantas a dheimhniú fad atá cuntas á shocrú, beidh ort Aip ID-Pal a íoslódáil;
- Cuideachta atá cláraithe in Éirinn é ID-Pal a stórálann sonraí ar fhreastalaithe atá bunaithe san AE;
- Úsáideann ID-Pal teicneolaíocht le dhá íomhá aghaidhe a chur i gcomparáid lena chéile – an aghaidh i gcáipéis aitheantais agus aghaidh an duine a thugann an próiseas chun críche;
- Baineann comparáid bhithmhéadrach 50 pointe aghaidhe a dhéanamh ar an dá íomhá leis seo;
- A luaithe a dheimhnítear seo, tugann custaiméirí an próiseas cruthaithe cuntais chun críche;
- Ní choimeádfar na sonraí ach go dtí gur fíoraíodh an t-aitheantas nó gur theip ar a fhíorú;
- Ní choimeádann ID-Pal aon chóipeanna de na híomhánna nó de na sonraí, a ndéantar seiceálacha fíoraithe orthu ar a bhfreastalaithe.
An Bunús Dlí atá le do Shonraí Pearsanta a phróiseáil
3. Seo a leanas ár mbunús dlí leis na sonraí seo a bhailiú agus a phróiseáil:
- Le tabhairt faoi thasc ar mhaithe le leas an phobail. Tá oibleagáid orainn na sonraí seo a bhailiú agus a phróiseáil le hoibriú éifeachtach agus éifeachtúil sheirbhísí inimirce na hÉireann a chinntiú, a fhreastalaíonn ar leas tábhachtach an phobail.
- Iomláine an phróisis inimirce a chosaint agus lena chinntiú go gcloítear le hachtú ceart na scéimeanna inimirce uile i bhfeidhmiú chumhacht feidhmiúcháin an Stáit maidir le hinimirce, atá dílsithe sa Rialtas ag an mBunreacht.
- Feidhm an Aire Dlí agus Cirt (Inimirce isteach sa Stát a bhainistiú (Inimirce)) a chomhlíonadh mar a shainítear san Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 (arna leasú).
Próiseáil bhreise ar do Shonraí Pearsanta
4. Nuair is gá agus is comhréireach amhlaidh a dhéanamh, i gcomhréir leis an Acht um Chosaint Sonraí, 2018 agus leis an RGCS, d’fhéadfaí sonraí pearsanta breise a iarraidh nó a fháil ó/a sholáthar d’Údaráis Phoiblí/údaráis inniúla / eagraíochtaí idirnáisiúnta ar mhaithe leis na cuspóirí seo a leanas:
- Alt 8 den Acht Inimirce, 2003,
- Alt 41 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018.
- Fíorú na sonraí a fuarthas faoi Threoir 2004/38/CE, Rialachán 26 de Rialacháin an CE (Saorghluaiseacht Daoine), 2015, arna leasú, Rialacháin an AE (Comhaontú Aistarraingthe) (Cearta Saoránach), 2020, Alt 3 den Acht Inimirce, 2003.
- Iarratas ar Chead Oibre do náisiúnaigh neamh-LEE i gcomhréir le hAlt 37 den Acht um Cheadanna Fostaíochta, 2006;
- Iarratais a phróiseáil ar chónaí - Alt 261(2) den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) agus den Acht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2020;
5. Is féidir linn do shonraí pearsanta a phróiseáil do chuspóirí taighde nó staitistiúla, mar a cheadaítear faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018 agus faoin RGCS.
6. Tá An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce tiomanta do sheirbhísí éifeachtúla agus éifeachtacha a sholáthar dár gcustaiméirí. Féadfaimid do shonraí teagmhála (seoladh ríomhphoist etc.) a úsáid le tuiscint níos doimhne a fháil ar d’eispéireas leis An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce trí shuirbhé gan ainm. Is féidir leat an suirbhé seo a fháil i ndiaidh gur críochnaíodh d’idirghníomhú leis An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce.
Teagmháil le haghaidh Fiosrúchán
7. Déantar teagmháil d’aon fhiosrúcháin maidir leis an suíomh gréasáin seo leis An Fheidhm Sheirbhíse do Chustaiméirí, Seirbhís Inimirce na hÉireann, An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, 13-14 Cé an Bhúrcaigh, Baile Átha Cliath 2, D02 XK70.
Cé chomh fada a choimeádfar Sonraí Pearsanta?
8. Stóráiltear na sonraí seo i gcomhréir le ceanglais Acht na Cartlainne Náisiúnta, 1986.
- Scriosfar sonraí a uaslódáladh ar mhaithe le haitheantas a fhíorú ag céim fíoraithe an chuntais a luaithe a chríochnófar fíorú.
Conas cóip de do Shonraí Pearsanta a iarraidh
9. Is féidir leat cóip a iarraidh de do shonraí pearsanta trí fhoirm Iarratais Duine ar a Sonraí (SAR) a líonadh, atá ar fáil ag:
- https://www.gov.ie/en/organisation-information/fd31f0-protecting-personal-data-in-the-department-of-justice/ nó
- ón Oifig Tacaíochta agus Comhlíonta Cosanta Sonraí (DPSCO) ag an seoladh thíos.
Seol an fhoirm líonta ar ríomhphost chuig subjectaccessrequests@justice.ie nó sa phost chuig Oifigeach Cosanta Sonraí na Roinne Dlí agus Cirt ag an seoladh thíos. Beidh ort d’aitheantas a dheimhniú sular féidir na sonraí a sheoladh chugat. Cuirtear tús leis an teorainn ama chun freagairt ar SAR a luaithe a fíoraíodh d’aitheantas.
Do Chearta maidir le do Shonraí Pearsanta
10. Tá an ceart agat go ndéantar aon mhíchruinneas i do shonraí a cheartú. Leis seo a dhéanamh, ba cheart duit fiosrúchán a sheoladh tríd an táb “Fiosrúcháin” i do Chuntas Inimirce na hÉireann, nó scríobh chuig An Fheidhm Sheirbhíse do Chustaiméirí, Seirbhís Inimirce na hÉireann, An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, 13-14 Cé an Bhúrcaigh, Baile Átha Cliath 2, D02 XK70 agus cuntas a thabhairt ar an míchruinneas is gá a chur ina cheart. Ní ceart iomlán é an ceart go ndéanfaí ceartúcháin agus déanfar breithniú ar gach iarraidh ar a fhiúntas féin.
11. Tá an ceart agat, sa chás gur cuí, go scriostar do shonraí agus/nó go gcuirtear cosc ar do shonraí a phróiseáil agus tá ceart agat agóid a dhéanamh in aghaidh phróiseáil do shonraí. Ní ceart iomlán é an ceart go ndéanfaí léirscriosadh agus déanfar breithniú ar gach iarraidh ar a fhiúntas féin.
12. Tá an ceart agat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí (an DPC). Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an DPC trí fhoirmeacha gréasáin ar a láithreán gréasáin www.dataprotection.ie nó sa phost chuig:
21 Cearnóg Mhic Liam Theas
Baile Átha Cliath 2
D02 RD28
Is féidir teacht ar shonraí breise maidir le do chearta um chosaint sonraí i mBeartas um Chosaint Sonraí na Roinne Dlí agus Cirt. An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce Data Protection Policy.
Teagmháil a dhéanamh leis an DPO
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (an DPO) don Roinn Dlí agus Cirt sa phost chuig:
An tOifigeach Cosanta Sonraí,
An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce,
51 Faiche Stiabhna,
Baile Átha Cliath 2, D02 HK52.
Nó
ar ríomhphost: dataprotectioncompliance@justice.ie
Fianáin
Comhaid bheaga téacs iad fianáin a stórálann na suíomhanna gréasáin a dtugann tú cuairt orthu ar do ríomhaire nó ar do ghléas móibíleach. Cabhraíonn siad le loingseoireacht éifeachtúil agus cumasaíonn siad feidhmeanna áirithe ar an suíomh gréasáin. D’fhéadfadh sonraí faoi do ghníomhaíochtaí brabhsála ar an suíomh gréasáin nó aitheantóir uathúil a chabhraíonn leis an suíomh gréasáin thú a aithint i rith cuairteanna a thabharfaidh tú amach anseo, a bheith san eolas a stóráiltear i bhfianán.
Socraítear fianáin atá bunriachtanach leis an suíomh gréasáin a oibriú gan do chead a bheith ag teastáil. Teastaíonn do thoiliú ó gach fianán eile, áfach, sula stóráiltear iad i do brabhsálaí.
Is féidir le húinéir an tsuímh gréasáin nó le seirbhísí tríú páirtí atá údaraithe ag an suíomh gréasáin le hábhar a thaispeáint, gnéithe a chur ar bun, nó feidhmiúlacht bhreise a sholáthar, cosúil le hanailísíocht.
Úsáid fianán
Tá liosta fianán sna táblaí seo a leanas is féidir a úsáid ar an suíomh gréasáin seo. Tá fianáin “bunriachtanacha” ina measc seo, a lódáiltear nuair a lódáiltear ábhar an tsuímh gréasáin. Ní féidir linn an suíomh gréasáin a sholáthar duit gan na fianáin seo a shocrú. Is féidir leat do roghanna fianán a athrú trí na ticbhoscaí a roghnú nó a dhíroghnú dá réir agus cliceáil ar “Sábháil”. Seo cur síos ar na catagóirí éagsúla fianán.
Fianáin bhunriachtanacha
Tá na fianáin seo bunriachtanach do chroífheidhmeanna suímh gréasáin, cosúil le logáil isteach ag úsáideoir agus bainistiú cuntais. Ní féidir leis an suíomh gréasáin feidhmiú i gceart gan na fianáin seo.
Fianáin feidhmíochta
Cabhraíonn fianáin feidhmíochta linn a thuiscint conas a idirghníomhaíonn cuairteoirí leis an suíomh gréasáin, cosúil le huirlisí anailísíochta. Ní dhéanann na fianáin seo cuairteoirí aonair a shainaithint, agus ní luaitear aon ainm le haon eolas a bhailíonn siad. Úsáidimid na sonraí seo go díreach chun feabhas a chur ar fheidhmiúlacht suímh gréasáin.
Fianáin dírithe
Rianaíonn fianáin dírithe cuairteoirí i measc suíomhanna gréasáin éagsúla, go minic trí chomhpháirtithe ábhair nó trí líonraí fógraí. Is féidir na fianáin seo a úsáid le próifíl de d’ábhair spéise a thógáil nó le fógraí ábhartha a thaispeáint ar shuíomhanna gréasáin eile. Ní stóráiltear eolas pearsanta iontu ach braitheann siad ar do bhrabhsálaí agus do ghléas a shainaithint go huathúil. Má dhíchumasaíonn tú na fianáin seo, b’fhéidir go bhfeicfidh tú níos lú fógraíocht spriocdhírithe.
Fianáin feidhmiúlachta
Cuimhníonn fianáin feidhmiúlachta ar roghanna a dhéanann tú ar an suíomh gréasáin, cosúil le rogha teanga, amchrios, nó socruithe saincheaptha, cosúil le méid an téacs. Cinntíonn na fianáin seo go gcuimhníonn an suíomh gréasáin ar do rogha, ach ní rianaíonn siad do ghníomhaíocht bhrabhsála ar shuíomhanna gréasáin eile. Ní luaitear ainm leis an eolas a bhailíonn fianáin feidhmiúlachta.
