web
You’re offline. This is a read only version of the page.
close

Important Notice: How you sign in will soon change.

Click here for more information
Terms and Conditions

Téarmaí agus Coinníollacha

Fáilte chuig suíomh gréasáin Chuntas Inimirce na hÉireann. Tá rochtain a fháil ar agus úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo á rialú ag na Téarmaí agus Coinníollacha seo a leanas. Tá na téarmaí seo tábhachtach duit féin agus do Sholáthar Seirbhíse Inimirce (ISD) na Roinne Dlí agus Cirt. Iarrtar ort iad a léamh go cúramach.

1. Glacadh leis na Téarmaí

Trí shuíomh gréasáin Chuntas Inimirce na hÉireann a rochtain agus a úsáid, aontaíonn tú leis na Téarmaí agus Coinníollacha seo, anuas ar gach dlí agus rialachán infheidhme, a chomhlíonadh agus a bheith faoina gceangal. Mura n-aontaíonn tú le haon chuid de na téarmaí seo, cuirtear cosc ort ón suíomh seo a úsáid.

2. An Dlí agus Dlínse Rialála

Bunaítear agus oibrítear an suíomh gréasáin seo in Éirinn agus tá sé á rialú ag dlíthe na hÉireann agus, más bainteach, ag dlíthe an Aontais Eorpaigh. Beidh aon díospóidí a eascraíonn as an úsáid seo a bhaintear as an suíomh gréasáin nó as an eolas atá ann faoi réir dhlínse eisiach údaráis inniúil nó chúirte inniúla in Éirinn.

3. Cearta Maoine Intleachtúla

Is le ISD gach a bhfuil ar an suíomh gréasáin seo, an t-ábhar agus na gnéithe dearaidh ina measc agus tá siad á gcosaint ag dlíthe infheidhme maoine intleachtúla, cóipchirt, paitinní, agus rúin cheirde ina measc ach gan bheith teoranta dóibh. Cuirtear dianchosc ar úsáid, atáirgeadh nó ar dháileadh neamhúdaraithe aon ábhair ón suíomh gréasáin seo.

4. Athruithe ar an Suíomh gréasáin agus ar Théarmaí

Tá an ceart ar cosaint ag ISD aon eolas, gnéithe dearaidh, nó seirbhísí a sholáthraítear ar an suíomh gréasáin seo a mhionathrú, a nuashonrú nó a bhaint ag aon tráth gan fógra a thabhairt roimh ré agus gan aon dliteanas a bheith orthu. De bhreis air sin, is féidir le ISD na Téarmaí agus Coinníollacha seo a leasú trí théarmaí nuashonraithe a chur in airde ar an suíomh gréasáin seo. Tugtar le fios, má leantar le húsáid a bhaint as an suíomh gréasáin i ndiaidh na hathruithe siúd a dhéanamh, go nglacann tú leis na téarmaí leasaithe.

5. Freagrachtaí Úsáideora

Nuair a dhéantar eolas a tharchur chuig ISD tríd an suíomh gréasáin seo, tá tú freagrach as cruinneas, iomláine, agus fírinneacht an eolais a sholáthraítear a chinntiú. Ní bheidh ISD faoi dhliteanas as aon earráidí nó aon mhíchruinneas san eolas a sheolann tú ar aghaidh nó as aon mhí-úsáid a bhaintear as feidhmeanna an tsuímh gréasáin seo.

6. Slándáil

Téimid i mbun bearta réasúnta lena chinntiú go bhfuil gach limistéar de shuíomh gréasáin Chuntas Inimirce na hÉireann slán agus cosanta in aghaidh víreas agus bogearraí mailíseacha. Tagtar ar agus baintear úsáid as an suíomh gréasáin seo ar do phriacal féin, mar sin féin. Molaimid go n-úsáideann úsáideoirí bogearraí iontaofa frithvíris agus frithmhailíseacha nuair a dhéantar ábhair a íoslódáil ón idirlíon. Níl ISD faoi dhliteanas as aon caillteanas, aon chur isteach ar, nó aon díobháil a dhéantar do do shonraí nó do ríomhchóras a d’fhéadfadh tarlú fad a úsáidtear an suíomh gréasáin seo.

Má sheoltar aon ríomhphoist amhrasacha chugat ina n-iarrtar ar do shonraí logála isteach chuig Cuntas Inimirce na hÉireann, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh linn láithreach. Ní iarrfaidh ISD ar do dhintiúir logála isteach ar ríomhphost riamh.

7. Cosaint Sonraí

Próiseálfar aon sonraí pearsanta a sholáthair úsáideoirí i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin infheidhme um chosaint sonraí. Cloíonn ISD le Beartas um Chosaint Sonraí na Roinne Dlí agus Cirt, ina dtugtar cuntas ar conas a dhéantar sonraí pearsanta slán agus a bhainistiú i gcomhlíonadh an Rialacháin Ghinearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS). Is féidir leat amharc ar Bheartas um Chosaint Sonraí na Roinne Dlí agus Cirt trí chliceáil anseo.

8. Cóipcheart agus Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid

Tá an t-eolas go léir ar an suíomh gréasáin seo faoi chóipcheart na Roinne Dlí agus Cirt, mura dtugtar a mhalairt le fios. Ceadaítear duit an t-eolas seo a athúsáid saor in aisce agus in aon fhormáid, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas. Caithfidh tú an méid seo a leanas a dhéanamh:

Comhlíonann ISD na Rialacháin um Fhaisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid agus spreagann sé athúsáid fhreagrach a bhaint as an eolas a dhéanaimid a tháirgeadh.

9. Cruinneas an Ábhair

Cé go mbímid meáite ar a chinntiú go bhfuil an t-eolas go léir ar an suíomh gréasáin seo cruinn agus cothrom le dáta, ní féidir le ISD iomláine nó cruinneas an ábhair a chinntiú. Níl sholáthraítear na hábhair ach ar mhaithe le cuspóirí eolais agus ní hionann iad agus comhairle ghairmiúil. Ní bheidh ISD faoi dhliteanas as aon bhrath ar eolas mícheart nó neamhiomlán a dtagtar air ar an suíomh gréasáin seo.

10. Úsáid an Bhota Comhrá

Déanann ár mbota comhrá idirghníomhach teicneolaíocht intleachta saorga, is é sin go sonrach Microsoft Copilot, a ghiaráil le dul i ngleic le gnáthfhiosrúcháin inimirce bunaithe ar an ábhar atá ar fáil ar shuíomh gréasáin ISD.

Cloíonn ISD, agus an teicneolaíocht seo á cur chun feidhme, le seacht riachtanas na hintleachta saorga iontaofa, faoi mar ar thug Sainghrúpa Ardleibhéil an AE cuntas orthu agus mar a d’fhaomh Rialtas na hÉireann in Eanáir 2024:

  1. Human Agency agus Oversight
  2. Daingne agus Sábháilteacht Theicniúil
  3. Príobháideachas agus Rialachas Sonraí
  4. Trédhearcacht
  5. Éagsúlacht, Neamh-Idirdhealú, agus Cothroime
  6. Folláine Comhshaoil agus Shochaíoch
  7. Cuntasacht

Chun teacht ar eolas níos mionsonraithe, féach, le do thoil, ár dTreoirlínte Eatramhacha maidir le hIntleacht Shaorga a Úsáid.

11. Naisc le Suíomhanna Gréasáin Tríú Páirtí

B’fhéidir go bhfuil naisc ar an suíomh gréasáin seo le suíomhanna gréasáin seachtracha ar mhaithe le d’áisiúlacht. Ní dhéanann ISD ábhar, cruinneas, nó iontaofacht aon suíomhanna gréasáin nasctha a fhormhuiniú, a rialú ná freagracht a ghlacadh astu. Tagtar ar shuíomhanna nasctha ar do phriacal féin, agus molaimid athbhreithniú a dhéanamh ar théarmaí úsáide, ar phríobháideachas, agus ar bheartais chóipchirt aon suíomhanna gréasáin seachtracha a dtugann tú cuairt orthu.

Ní féidir leat do shuíomh gréasáin nó aon suíomh gréasáin tríú páirtí a nascadh le suíomh gréasáin Chuntas Inimirce na hÉireann gan toiliú scríofa ISD a bheith faighte agat roimh ré. Tá an ceart ar cosaint ag ISD an cead siúd a dhiúltú ag aon tráth agus ar aon chúis dhleathach.

12. Úsáidí a Choisctear

Aontaíonn tú gan an suíomh gréasáin seo a úsáid d’aon chuspóirí neamhdhleathacha nó coiscthe, faoi mar a thugtar cuntas air sna Téarmaí agus Coinníollacha seo. I measc na gníomhaíochtaí a choisctear, tá an méid seo a leanas, ach níl siad teoranta dóibh:

13. Séanadh Dliteanais

Ní bheidh ISD faoi dhliteanas as aon damáistí díreacha, indíreacha, teagmhasacha, iarmhartacha, nó pionósacha a eascraíonn as teacht ar an suíomh gréasáin seo nó é a úsáid. Áirítear leis seo, ach níl sé teoranta do, damáistí i ngeall ar shonraí a chailleadh, brabúis a chailleadh, nó cur isteach ar ghnó, fiú má cuireadh ISD ar an eolas go bhféadfaí na damáistí siúd a dhéanamh.

14. Forálacha Ginearálta